Preaseisiúint - an Muirear Teaghlaigh

Preaseisiúint - an Muirear Teaghlaigh
ÚDARÁIS ÁITIÚLA CHILL CHAINNIGH
FUARTHAS BREIS AGUS €10 MILLIÚN Ó 109,569 TEAGHLACH Ó ÍOCAÍOCHT AN MHUIRIR THEAGHLAIGH
Dé Luain an 20 Feabhra 2010: Dhearbhaigh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh inniu go bhfuarthas breis agus €10 milliún go náisiúnta go dtí seo ó 109,569 teaghlach ó íocaíocht an Mhuirir Theaghlaigh. Tá a dhéanaí leis an 31 Márta ag sealbhóirí tí an muirear €100 a íoc, agus gearrfar pionóis airgeadais ina dhiaidh sin ar bhonn méadaitheach gach mí.
"Ta figiúirí an lae inniu ar aon dul lenar tharla trí bliana ó shin nuair a tugadh isteach an muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (NPPR)" a deir Joe Crockett. "Tagann méadú ar líon na ndaoine a íocann an muirear de réir mar a dhruideann an dáta a ghearrfar na pionóis linn. Úsáidfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh fáltais an Mhuirir Theaghlaigh le seirbhísí bunriachtanacha áitiúla a chistiú. Tá an t-airgead ríthábhachtach le seirbhísí bunriachtanacha áitiúla a chistiú, ar nós páirceanna poiblí; leabharlann; spásanna faoin aer agus fóntais fóillíochta; pleanála agus forbartha; seirbhísí dóiteáin agus éigeandála; cothabháil agus glantachán sráideanna agus soilsiú sráide - áiseanna iad seo uile a théann chun sochair an uile dhuine sa phobal". Tá an Chomhairle ag iarraidh ar úinéirí réadmhaoine cónaithe clárú agus an Muirear Teaghlaigh a íoc a luaithe agus is féidir.
D'íoc thart ar 80% de na réadmhaoine cláraithe cheana féin trí chárta creidmheasa/dochair agus trí dhochar díreach ar líne ag www.householdcharge.ie. D'íoc an 20% eile de réadmhaoine cláraithe trí sheic/Ordú Poist/Dréachtanna Bainc ag a n-údarás áitiúil nó trí fhoirmeacha a chur sa phost chuig: An Muirear Teaghlaigh, Bosca Oifig Phoist 12168, Baile Átha Cliath 1.
Tá an uile úinéir ar réadmhaoin chónaithe in Éirinn faoi dhliteanas an muirear teaghlaigh a íoc ar gach réadmhaoin atá faoina n-úinéireacht, amhail an 1 Eanáir 2012. Áirítear leis seo réadmhaoine atá faoi dhliteanas an muirear €200 a íoc ar Áiteanna Cónaithe Príobháideacha Neamhphríomha (NPPR). Ina theannta sin, tá ar úinéirí réadmhaoine cónaithe Éireannacha a chónaíonn lasmuigh d'Éirinn clárú agus an muirear teaghlaigh a íoc.
Is féidir le daoine íoc trí cheithre thráthchuid €25 trí dhochar díreach a shocrú ar líne ag www.householdcharge.ie roimh an 1 Márta 2012.

Tugadh isteach an Muirear Teaghlaigh €100 mar gheall ar Chomhaontú an AE/CAI agus is beart eatramhach é ar feitheamh cáin níos cuimsithí chothrom luacháil-bhunaithe réadmhaoine a thabhairt iseach amach anseo. Is í Éire ceann de na tíortha deireannacha san Eoraip le muirir réadmhaoin-bhunaithe a thabhairt isteach le seirbhísí áitiúla a chistiú. Ní mór an bonn cánach in Éirinn a fhairsingiú ach ní mór an díriú ar cháin a ghearradh ar obair dhaoine a bhaint d'fhonn an tionchar ar bhorradh a laghdú agus d'fhonn tacú le fostaíocht.
CRÍOCH

 

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do