Cód Iompair

Cód Iompair Chomhairle Contae Chill Chainnigh agus Bhardas Buirge Chill Chainnigh

 

Cód Iompair Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh


Tá sé d'aidhm ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh seirbhís d'ardchaighdeán a chur ar fáil i timpeallacht slán sábháilte. Chun é sin a dhéanamh iarrtar ar ár gcustaiméirí é a thabhairt dá n'aire nach nglacfar in aon cheann dár saoráidí le hiompar den chineál a leanas. Bunaíodh an Cód Iompair seo le haghaidh bhaill an phobail a bhaineann úsáid as na saoráidí agus as na seirbhísí a chuireann Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ar fáil.
Tabhair do d'aire le do thoil nach nglacfar leis an iompar a leanas:
- Iompar clamprach a chuireann isteach ar úsáid saoráide agus ar an taitneamh a bhaineann daoine eile as an tsaoráid.
- Ciapadh a leagan anuas ar an bhfoireann nó ar bhaill an phobail trí úsáid droch-chaint nó caint mhíchuí.
- Úsáid a bhaint as foréigean nó foréigean a bhagairt ar bhaill foirne nó ar bhaill an phobail.
- Dochar a dhéanamh do mhaoin Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh nó í a ghoid
- Úsáid a bhaint as alcól nó as drugaí mídhleathacha le linn bheith ag baint úsáid as áitreabh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh.
- Maoin phearsanta á fhágáil gan tindeáil le linn bheith ag baint úsáid as saoráidí Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh.
- Tá cosc ar thabac laistigh d'áitreabh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh.
- Ná bain le bhur dtoil úsáid as fón póca le linn bheith ag déanamh gnó leis an gComhairle.
Cabhraigh linn le bhur dtoil chun úsáid freagrach agus cásmhaireach shaoráidí Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh a spreagadh agus cloígh leis an gCód Iompair.
Tá sé de rún ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh an tseirbhís is fearr is féidir a sheachadadh ort ar bhealach éifeachtúil agus cásmhar. Léiríonn an Chairt Chustaiméara an chaoi a mbeimid ag seachadadh na seirbhíse. Tá sé scríofa sa Chairt go bhfuil tú i dteideal go bpléifear do chás leat i gcónaí go béasach agus go cásmhaireach agus ar bhealach oscailte agus neamhchlaonta.
Má bhraitheann go bhfuil teipthe ar an gcaighdeán seirbhíse a chuireann Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ar fáil teacht leis na ceangail sin féadfaidh tú gearán a chur isteach. Is féidir leat é sin a dhéanamh tríd an fhoirm ghearáin [ar shuíomh idirlín Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh] a chomhlíonadh agus a chur isteach, trí theagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhísí Custaiméara nó trí ríomhphost a chur chugainn anseo ag info@kilkennycoco.ie.
Níor chóir gearáin a sheoladh isteach gan ainm an tseoltóra agus ba chóir úsáid a bhaint as an bhfoirm chuí lena n-aghaidh.
________________________________________


Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh Plean Gníomhartha Custaiméara

 

PLEAN GNÍOMHARTHA CUSTAIMÉARA

Tá sé de rún ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh i ngach plé a dhéantar leis an bpobal iarrachtaí suntasacha a dhéanamh thar thréimhse na chéad bhlianta eile chun na seirbhísí a fheabhsú. Mar thoradh ar roinnt díobh siúd tiocfaidh feabhas láithreach ag pointe teagmhála áirithe a leithéid teicneolaíocht an eolais agus oifigí poiblí agus tiocfaidh feabhas freisin ar chaighdeán na seirbhíse teileafóin.

Tá rún daingean ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh na nithe a leanas a chur i gcrích:-

 

CAIGHDEÁIN SEIRBHÍSE DEN SCOTH:

Cairt Chustaiméara a fhoilsiú a léiríonn cineál agus caighdeán na seirbhíse is féidir le custaiméirí bheith ag súil leis agus é sin a chur ar taispeáint ar shuíomh feiceálach ag pointe teagmhála sheachadta na seirbhíse.

 

COTHROMAS/ÉAGSÚLACHT:

Na cearta atá bunaithe sa reachtaíocht um chothromas maidir le cothromas sa chaoi a gcaitear le daoine a chinntiú agus an córas a chur in oiriúint don éagsúlacht chun cuidiú a thabhairt do na grúpaí atá clúdaithe ag an reachtaíocht um chothromas (ar chúiseanna inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonta ghnéasaigh, creidimh, aoise, míchumais cine agus ballraíochta den lucht siúil).
Na bacanna atá ar dhaoine sa bhochtanas agus atá eisiata go sóisialta agus orthu siúd a bhfuil constaicí geografacha ag cur in éadan a dteacht ar sheirbhísí a aithneachtáil agus obair a dhéanamh chun fáil réidh leo.

 

ROCHTAIN FISICIÚIL:

Oifigí poiblí glana áisiúla a chur ar fáil a chinntíonn an príobháideachas, géilliúntas i leith caighdeáin sábháilteachta agus cheirde, agus mar chuid de sin áisiúlacht i leith daoine faoi mhíchumas agus i leith daoine eile le riachtanais speisialta a chinntiú.

 

EOLAS:

Bíodh cur chuige réamhghníomhach agat i ndáil le heolas a sholáthar atá soiléir, tráthúil agus cruinn, atá ar fáil ag gach pointe teagmhála agus a thagann le riachtanais daoine a mbíonn nithe sonracha de dhíth orthu. Cinnte a dhéanamh de go mbaintear áis go hiomlán as an bhfabhraíocht a thairgeann teicneolaíocht an eolais agus go mbíonn an t-eolas a chuirtear ar fáil ar shuíomh idirlín poiblí ag leanúint na dtreoracha maidir le foilseacháin ghréasáin.
Dul sa tóir ar an tsimplíocht ó thaobh rialacha, rialacháin, foirmeacha, bileoga eolais agus nósanna imeachta ar bhonn leanúnach.

 

TRÁTHÚLACHT AGUS CNEASTACHT:

Seirbhís d'ardchaighdeán a sheachadadh le cneastacht, le híogair agus leis an gcuid is lú den moilleadóireacht rudaí a chothaíonn urraim ó gach uile thaobh sa phlé idir soláthraí agus custaiméir.
Ainmneacha na bpearsanra tadhaill a thabhairt amach i ngach cumarsáid le héascaíocht bhearta leanúnacha a chinntiú.

 

GEARÁIN:

Córas a choinneáil atá simplí ó thaobh úsáide, trédhearcach, áisiúil agus fógartha go forleathan chun déileáil le gearáin maidir le caighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil.

ACHOMHAIRC:

Ar an dóigh céanna córas achomhairc/athbhreithnithe foirmeálta, leathanfógartha, áisiúil, trédhearcach agus simplí ó thaobh úsáide a choinneáil le haghaidh custaiméirí atá míshásta le cinntí a bhaineann le seirbhísí.

 

COMHAIRLE AGUS MEAS:

Cur chuige struchtúrtha maidir le dul i gcomhairle ar bhonn ciallmhar leis an gcustaiméir i ndáil le forbairt, le seachadadh agus le hathbreithniú ar sheirbhísí. Meas ciallmhar maidir le seachadadh seirbhíse a chinntiú.

ROGHA:

Réimse roghanna a chur ar fáil maidir le seachadadh seirbhíse nuair is féidir. Úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí atá ar fáil agus astu siúd atá ag teacht aníos chun an áisiúlacht agus an caighdeán seirbhíse is fearr agus an oiread agus is féidir de rogha maidir leo a chinntiú.


COTHROMAS Ó THAOBH TEANGACHA OIFIGIÚLA:

Seirbhísí d'ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus / nó go dátheangach agus an ceart an plé a dhéanamh trí cheann ná a chéile de na teangacha oifigiúla a chur in iúl do chustaiméirí.

 

COMHORDÚ NÍOS FEARR:

Cur chuige níos comhordaithe agus níos comhtháite a chothú maidir le seachadadh seirbhísí.

 

CUSTAIMÉIR INMHEÁNACH:

Cinnte a dhéanamh de go bhfuil na baill foirne so-aitheanta mar chustaiméirí inmheánacha agus go bhfaigheann siad an taca cuí agus go dtéitear i gcomhairle leo maidir le ceisteanna seachadta seirbhíse.
Tá sé geallta ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh teacht le prionsabail Seirbhíse Custaiméara d'Ardchaighdeán a bhfuil a bheannacht tugtha dóibh ag an rialtas agus thugadar isteach an Plean Gnímh seo ina leagtar amach an chaoi a gcuirfear na prionsabail seo i bhfeidhm agus an chaoi chun spriocanna seirbhíse a bhaint amach thar thréimhse na chéad cheithre bliana eile. Chomh maith leis sin beimid ag comhtháthú oiliúna maidir le ceisteanna seirbhís chustaiméara le go mbeidh sí ina cuid de nósanna imeachta agus de chleachtais na comhairle. Táthar ag súil leis go mbeidh feabhsúcháin maidir le seachadadh seirbhíse ag teacht chun cinn de bharr an méadaithe san úsáid teicneolaíochtaí leictreonacha agus eolais. Cuimsíonn sin an córas nua bainistíochta airgeadais. Beifear ag cur éiteas seirbhíse custaiméara chun cinn ar fud na heagrais agus tabharfar spreagadh do bhaill foirne a gcuid tuairimí a nochtadh agus feabhas a chur ar chleachtais atá ann faoi láthair.


PLEAN GNÍOMHARTHA CUSTAIMÉARA:

Cad tá tú ag súil leis uainn?

Tá sé de rún ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh seirbhís éifeachtach chneasta ar chaighdeán ard a sheachadadh ar a gcuid custaiméirí. Is ar bhonn cothrom a bheimid ag caitheamh lenár gcustaiméirí uile ag cinntiú ar an dóigh sin nach bhfuil aon leithcheal dhá dhéanamh ar chúiseanna ar bith. Chomh fada is a bhaineann sé le riachtanais na gcustaiméirí beimid íogaireach agus cuirfimid san áireamh an aois atá orthu agus an inniúlacht atá acu rialacha agus nósanna imeachta ar minic casta iad a thuiscint agus míchumas ar bith atá ag gabháil dóibh.

Beidh sé d'aidhm againn agus seirbhís á chur ar fáil againn ar an teileafón:
- Go mbeidh baill foirne ar fáil chun glacadh le glaoch uait ó 9.00 r. n. go 5.00 i. n. ó Luan go hAoine
- Cabhrú leat agus eolas soiléir agus cruinn a chur ar fáil duit.
- Ainm agus uimhir theileafóin duine thadhaill a thabhairt duit i gcónaí.
- Freagairt a thabhairt duit go cóir agus go cneasta.
- Sonraí a bhreacadh síos agus glaoch ar ais ort mura bhfuil freagairt do cheiste againn ar an bpointe.
-
- An uair a gcloise tú uainn más gá glaoch ar ais ort a chur in iúl duit.
- Córas teileafóin feabhsaithe a chur ar fáil dár gcustaiméirí.
- Eolaithe teileafóin inmheánacha a choinneáil suas chun dáta.

Beidh sé d'aidhm againn má thugann tú cuairt ar na hoifige seo againn:
- Castáil leat go poncúil féiltiúil má tá coinne agat.
- Urraim a bheith againn do do phríobháideachas.
- Plé a dhéanamh leat ar mhodh béasach, cneasta agus féaráilte.
- Déileáil le d'fhiosrú agus aon eolas ábhartha atá againn a chur ar fáil duit a luaithe agus is féidir.
- Na hoifigí a choinneáil glan agus sábháilte.
- Feabhas a chur ar an áisiúlacht ar bhonn leanúnach i dtaca leis na custaiméirí uile lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine le riachtanais speisialta.
-
- Nóta: De bharr leagan amach oibre a bhíonn socruithe cheana féin b'fhéidir gur gá coinne a dhéanamh roimh ré chun castáil le baill áirithe den fhoireann.

Beidh sé d'aidhm againn i gcomhfhreagras leat:
- Úsáid a bhaint as caint simplí agus soiléir agus téarmaí teicniúla a fhágáil amach an oiread agus is féidir.
- Ainm an duine thadhaill, uimhir theileafóin agus uimhir fo-líne, seoladh ríomhphoist agus uimhir thagartha a chur ar gach cumarsáid a eisítear.
- Socruithe a dhéanamh lena chinntiú nach bhfágfar litreacha gan fhreagairt nuair a bhíonn baill aonaracha den fhoireann as láthair.
- Bíonn taighde nach beag le déanamh i gcás roinnt chumarsáide sular féidir freagra iomlán a eisiúint agus sa gcás go mbíonn seolfar amach freagra eatramhach chun an scéal a mhíniú.
- A chinntiú go ndáiltear seoladh ríomhphoist ar an ranna seirbhíse uile.
- A chinntiú go mbeidh na híocaíochtaí uile déanta de réir fhorálacha an Achta um Íoc Pras Cuntas 1997.

Beidh sé d'aidhm againn agus foirmeacha agus bileoga á thairgeadh againn:
- A chinntiú go mbíonn na bileogaí agus na foirmeacha ar fáil gan stró lena n-áirítear go mbeidh siad ar fáil i bhformáid leictreonach freisin.
- Úsáid a bhaint as caint simplí agus soiléir.
- A mhíniú go beacht cad é an t-eolas a theastaíonn ar fhoirmeacha iarratais.
- Gan ach eolas a bhaineann le hábhar a iarraidh ar fhoirmeacha iarratais.
- A chinntiú nach mbaintear úsáid as an eolas a chuirtear ar fáil ar fhoirmeacha ach le haghaidh an chuspóra atá luaite leis.
- Doiciméadú uile a thairgeadh i réimse formáidí áisiúla atá curtha in oiriúint do riachtanais daoine faoi mhíchumas.

Gearáin:
- Mura bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán seirbhíse a chuirimid ar fáil tá tú i dteideal gearán a chur chuig cheann rannóige na seirbhíse sin.
- Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú ba chóir duit teagmháil i scríbhinn a dhéanamh leis an Oifigeach Gearáin, Cúrsaí Corparáideacha; gheobhaidh tú freagra ar ais maidir leis an ngearán laistigh de ocht lá fichead ón uair a fuarthas an gearán.
- D'fhéadfadh sé go bhfuil ceart reachtúil agat freisin gearán a chur chuig an Ombudsman a bhfuil sé de ról aige gearáin i dtaobh gníomhartha, moilleadóireacht nó neamhfheidhm riaracháin a dhéanfadh dochar do dhaoine nó do chomhlachtaí a bhíonn ag déileáil leis an gComhairle Contae nó leis an mBardasBuirge a fhiosrú.
- Déileálfar le gach gearán ar mhodh cóir, féaráilte agus neamhchlaonta.

Teicneolaíocht Eolais agus Cumarsáide:
- Bainfear áis as teicneolaíocht nua an oiread agus is féidir le seirbhísí a dhéanamh níos áisiúla agus chun seachadadh seirbhíse a fheabhsú.
- Thar thréimhse an phlean déanfar uasghrádú ar bhonn leanúnach ar na córais teicneolaíochta eolais laistigh d'eagras Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh lena n-áirítear an córas teileafóin.

Foireann:
- Déanfaidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh cinnte de go bhfaighidh na baill foirne aitheantas mar chustaiméirí inmheánacha agus go bhfaighidh said an taca cuí agus go rachfar i gcomhairle leo i ndáil le ceisteanna seachadta seirbhíse.
- Cuirfear clár cuimsitheach oiliúna seirbhíse custaiméara i bhfeidhm don fhoireann ar feadh thréimhse an phlean.

Comhordú Seirbhísí:
- Taobhóidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh le cur chuige níos comhordaithe agus níos comhtháite chun seirbhísí a sheachadadh.
- Cuirfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh áiseanna siopa-stop-amháin ar fáil don phobal le linn thréimhse an phlean.

Comhionannas Teangacha Oifigiúla:
- Cuirfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh seirbhísí den scoth ar fáil trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach chomh fada agus is féidir agus cuirfidh in iúl do chustaiméirí go bhfuil sé de cheart acu plé a dhéanamh leis an gComhairle ina rogha ceann den dá theanga oifigiúla.
Rogha:
- Cuirfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh réimse roghanna ar fáil maidir le seachadadh seirbhíse nuair is féidir.
- Bainfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh úsáid as teicneolaíochtaí atá ag teacht aníos de réir mar tá fáil orthu chun an áisiúlacht uasta agus an caighdeán is airde agus an oiread agus is féidir de rogha sa tseirbhís a chinntiú.

Comhairliúchán agus Meas:
- Cuirfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh cur chuige struchtúrtha ar fáil chun dul i gcomhairle ar bhonn ciallmhar leis an gcustaiméir i ndáil le forbairt, seachadadh agus bhreithniú seirbhísí.
- Bainfidh Comhairle Contae Chill Chainnigh úsáid as Coistí Polasaí Straitéisigh mar chur chuige amháin chun an seachadadh seirbhíse a mheas.
- Cuirfidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh bileog le haghaidh tuairimí ar fáil ar an suíomh idirlín [www.kilkennycoco.ie] mar áis do chustaiméirí ar mhian leo moltaí nó tuairimí a chur in iúl maidir leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Athbhreithniú ar Phlean Gníomhartha Custaiméara:
- Déanfaidh Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh athbhreithniú ar an bplean gnímh chustaiméara ar bhonn bliantúil agus cuirfidh siad san áireamh aiseolas a fhaigheann said ó chustaiméirí agus ó na Coistí Polasaí Straitéisigh.
- Beidh baill Ghrúpa Oibre Seirbhíse Custaiméara Chomhairle Contae Chill Chainnigh ag castáil le chéile ar bhonn míosúil. Ceann de na príomhtascanna atá faoi shainchúram an ghrúpa sin is ea monatóireacht a dhéanamh ar an bPlean Gníomh Custaiméara.
________________________________________

 

 

Cairt Chustaiméara Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh

 

ÁR NGEALLÚINT DUITSE

Seirbhísí d'ardchaighdeán a sheachadadh ort ar bhealach éifeachtúil agus cásmhar.

CÚIRTÉIS AGUS CÁSMHAIREACHT

Tá tú i gcónaí i dteideal seirbhís a fháil:
- Go pras agus ar bhealach cúirtéiseach
- Le haird chuí ar phríobháideachas agus ar rúndacht
- Ó fhoireann a chabhróidh leat go fonnmhar

OSCAILTEACHT AGUS NEAMCHLAONTACHT

Glacaimid orainn féin mar chúram:
- Déileáil leat ar mhodh féaráilte agus oscailte
- Gné ar bith den ghnó atá agat linn a phlé leat.
- An chaoi a ndéantar cinneadh a mhíniú duit

ROCHTAIN

Déanaimid iarracht:
- Oifigí poiblí áisiúla glana a chur ar fáil
- Freastal a dhéanamh do custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
- Freastal a dhéanamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine le riachtanais speisialta.

ATHBHREITHNIÚ

Déanfar athbhreithniú ar bhonn leanúnach ar sheirbhísí agus feabhsófar iad nuair is gá.

TIG LEAT CABHRÚ LINN CHUN CABHRÚ LEAT
- Trí eolas iomlán agus cruinn a sholáthar
- Trína chur in iúl dúinn nuair a dhéanaimid rud go maith.
- Trí thuairimí, trí ghearáin nó trí mholtaí a dhéanamh maidir leis na seirbhísí a fhaigheann tú.

Tá Nós Imeachta Gearáin leagtha amach ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh le haghaidh custaiméirí atá míshásta le caighdeán na seirbhíse a fuarthas. Tá cóip den chéanna ar fáil ag an Deasc Seirbhísí Custaiméara nó ar iarratas le ríomhphost chuig info@kilkennycoco.ie.

Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh

Nós Imeachta Gearáin Chustaiméir

Ár nGeallúint maidir le Seirbhísí Custaiméara den Scoth
Tá sé de rún ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh seirbhís d'ardchaighdeán a chur ar fáil duit. Tá na caighdeáin seirbhíse a bhféadfaidh tú bheith ag súil leo leagtha amach sa Chairt Chustaiméara agus sa Phlean Gníomh Custaiméara

Bímid ag obair go crua chun an caighdeán seirbhíse a chuirimid ar fáil a choinneáil agus a fheabhsú agus chun earráidí a choinneáil ar an méid is lú. Aithnímid áfach go dtarlaíonn botúin agus go mbíonn moill ar rudaí ó am go chéile.

Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil duit ná bíodh drogall ort é sin a chur in iúl dúinn le go gcuirfimid leigheas air. Fáiltímid roimh an aiseolas agus is faoi rún a dhéileálfaimid le do ghearáin. Cuirimid luach ar na moltaí a dhéanann tú maidir leis an gcaoi ar féidir rudaí a fheabhsú agus glacaimid ní hamháin le gearáin ach le moladh as obair críochnúil atá déanta againn.

Gearáin

Sa bhileog seo tá na nósanna imeachta chun déileáil le gearáin leagtha amach.
Tá ráite ann:
- cad iad na ceisteanna atá clúdaithe leis an nós imeachta
- cad iad na ceisteanna nach bhfuil clúdaithe
- conas gearán a dhéanamh
- cad é an t-eolas a chuireann tú ar fáil
- cad é an caighdeán atá leagtha síos againn chun déileáil le gearáin
- cad é an costas a bhaineann leis
- cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar do ghearáin.

Cad iad na ceisteanna atá clúdaithe?
Baineann an gnás gearáin seo le gearáin faoi cheisteanna a leithéid moilleadóireacht, botúin, seirbhís ainnis chustaiméara - cásanna nach bhfaigheann tú an tseirbhís a síleann tú bheith ina teideal.

Cad iad na ceisteanna nach bhfuil clúdaithe?
Tá nósanna imeachta faoi leith ann a bhaineann le gearáin/achomhairc maidir le cinntí faoi iarratais phleanála nó le hachomhairc i leith cinntí a rinneadh faoin reachtaíocht um shaoráil faisnéise.

Cén chaoi a ndéantar gearán?

Más duine aonair, comhlacht, eagras nó cumann tú is féidir leat gearán a dhéanamh agus seo mar a dhéantar é céim ar chéim:
1. Ar an gcéad dul síos ní mór aird na foirne san oifig lena mbaineann a tharraingt ar an ngearán bíodh sé sin déanta i scríbhinn nó mar ráiteas béil. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht an gearán a réiteach gan mhoill.
2. Murar féidir leis an fhoireann an gearán a réiteach nó má tá tú míshásta lei an bhfreagra a fuair tú ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Feidhmeannach Sinsearach, Gnóthaí Corparáideacha; eisean a dhéanfaidh an leagan amach maidir le fiosrú an ghearáin. Is féidir gearáin a dhéanamh trí ráiteas béil nó i scríbhinn chuig:
Oifigeach Feidmeannach Sinseareach
Gnóthaí Corparáideacha
Comhairle Contae Chill Chainnigh
Sráid Sheáin
Cill Chainnigh

Cad é an t-Eolas a chuirfidh mé ar fáil?

- D'ainm agus do sheoladh
- Údar an ghearáin agus cad é go díreach a bhfuil tú míshásta leis - tabhair an oiread eolas agus is féidir lena n-áirítear doiciméadú ábhartha ag tacú le do chás.
- Ainm na hoifige agus más cuí an ball/na baill foirne a raibh tú ag déileáil leo.
- Cá bhfuil do thriall leis an ngearán agus cén toradh a bhfuil tú ag iarraidh nó an bhfuil tuairim ar bith agat maidir leis an gcaoi ar féidir an cás a réiteach.
- An ndearna tú teagmháil leis an réimse seirbhíse lena mbaineann cheana féin chun sásamh a bhaint amach agus má rinne tabhair sonraí le do thoil.
- Uimhir theileafóin i rith an lae, dá mbeifeá sásta go ndéanfaimis teagmháil leat ar an bhfón- d'fhéadfadh sé sin cabhrú linn an cás a réiteach níos scioptha.
Má bhaineann castacht le do ghearán b'fhéidir go mbeifeá níos fearr as ach a chur i scríbhinn ionas nach mbeidh aon ceann de sna sonraí caillte. Ná déan dearmad an doiciméadú nó an cumarsáid uile a bhaineann leis an scéal a chur chugainn.

Na Caighdeáin atá againn chun Déileáil le Gearáin.

- Déileálfar le gach gearán ar mhodh cóir, féaráilte agus neamhchlaonta.
- Geallaimid duit má dhéanann tú gearán nach mbeidh aon impleachtaí aige sin ar aon phlé ná teagmháil le hÚdaráis Áitiúla Chill Chainnigh.
- Déanfaidh ball foirne Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh nach ionann agus iadsan a bhí bainteach leis an gcinneadh tosaigh iniúchadh ar do ghearán.
- Beidh an chumarsáid a bhaineann le do ghearán cláraithe i gcomhad ar leith amach ó eolas eile fútsa atá coinnithe ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh.
- Gheobhaidh tú admháil taobh istigh de chúig lá oibre
- Go ginearálta déanfaimid iniúchadh agus breithniú ar an ngearán agus seolfaimid an freagra ar ais chugat taobh istigh de 28 lá ón uair a fuarthas é. Sa chás nach féidir teacht leis an sprioc sin cuirfimid sin in iúl duit agus déanfaimid sin ar bhonn leanúnach go dtí go dtiocfar ar réiteach maidir leis an gcás.
- Gabhaimid leithscéal maidir le haon bhotún, míneoimid cad a tharla agus cuirfimid ina cheart é nuair is féidir.
- Athróimid na nósanna imeachta le cinntiú go ndéanfaimid an obair níos fearr amach anseo.

Cad a chosnóidh sé?
Tada. Ní bhaineann aon táille le gearán agus ní ghearrfar aon mhuirear ort mar gheall ar an ngearán a rinne tú.

 

Cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar do ghearán?

Gnásanna Gearáin

Más dóigh gur chaitheadh go mí-chothrom leat no mura bhfuil tu sasta leis an gcinneadh a rinneamar maidir le do ghearán, tá lán-rogha agat teagmháil a déanamh leis an Ombudsman mar gheall air. De réir dlí, tig leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar aon ghníomhú riaracháin, ar aon ghnás eile, nó ar ró-mhoil nó faillí a rinneadh le linn duit a bheith a déileáil lin. Cuireann an Ombudsman seirbhís ar fáil saor in aisce, neamhchlaon agus neamhspleách, chun díospóidí a réiteach.
Chun chomhthadall a dhéanamh linn:

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Atha Cliath 2
Teil:
LóGhlach 1890 22 30 30
Teil: 01 639 5600
Facs: 01 639 5674

Ríomhphost:ombudsman@ombudsman.gov.ie
láithreán gréasáin:www.ombudsman.ie

 

 

ÚDARÁIS ÁITIÚLA CHILL CHAINNIGH
COMHAIRLE CONTAE CHILL CHAINNIGH
COMHAIRLE BUIRGE CHILL CHAINNIGH

Tá sé de rún ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh seirbhís chúirtéiseach agus éifeachtach a chur ar fáil dá gcustaiméirí uile.

Má tá tú míshásta le caighdeán na seirbhíse a fuair tú cuir an foirm seo ar ais le do thoil chuig:
Oifigeach Gearáin, Cúrsaí Corparáideacha, Halla an Chontae, Sráid Sheáin, Cill Chainnigh

Ríomhphost chuig info@kilkennycoco.ie.

Déileálfar le do ghearán de réir an ghnáis achomhairc agus ghearán atá cinnte ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh.

[SCRÍOBH LE DO THOIL LE CEANNLITREACHA]

Ainm: _____________________________________________________

Seoladh:_____________________________________________________
_____________________________________________________________________
Uimhir Theileafóin: ______________
Seoladh Ríomhphoist (roghnach) ________________

TABHAIR LE DO THOIL SONRAÍ AN GHEARÁIN:

Stiúrthóireacht:____________________Rannóg/Roinn:_____________________

Dáta:____________________

Údar Gearáin:
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________
_____________________________________________________________________

SÍNITHE:______________________________ DÁTA: _______________

ÚSÁID OIFIGIÚIL AMHÁIN

Dáta a Fuarthas an Gearán: __________________ Curtha faoi Bhráid/Dáta: __________________
Uimhir Thagartha: __________________ Dáta Admháilte: __________________
Dáta ar Eisíodh an Cinneadh: __________________ Achomhairc Faighte: __________________
Cinneadh ar an Achomharc: __________________

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do