Bruscar

AN TIMPEALLACHT LEATHANACH BRUSCAIR

Feasacht ar Bhruscar Chomhairle Contae Chill Chainnigh

An bruscar a laghdú is ceist é sin a thugann Comhairle Contae Chill Chainnigh tús áite di.
Tá an t-ádh linn go bhfuilimid inár gcónaí i gceann de na contaetha is áille in Éirinn agus
ba chóir dúinn bheith bródúil as í a choinneáil mar sin. Cuirimid roinnt tionscnaimh ar siúl gach bliain chun méid an bhruscair a laghdú agus spreagaimid cách chun a gcuid féin a dhéanamh le Cill Chainnigh a choinneáil saor ó bhruscar.

 

Cuir glaoch gutháin Saor in Aisce chuig an Líne Bruscair 1800 200 156

Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh ag glacadh páirt i gClár Monatóireachta Bruscair Náisiúnta a bhfuil sé d'aidhm aige bunachar sonraí de na spotaí uile atá truaillithe le bruscar a chur i dtoll a chéile.

Reachtálaimid cláir feasachta i gcomhar le bunscoileanna agus le hiarbhunscoileanna mar chuid de Chlár Timpeallachta Scoile dár gcuid. Bíonn Rannóg na Timpeallachta ag plé le go leor grúpaí cónaitheoirí agus pobail ag eagrú feachtas glantacháin le linn Glantachán Earraigh Náisiúnta i mí Aibreán gach bliain.

Cuirimid cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí na mBailte Slachtmhara i gcaitheamh na bliana iomláin trí lipéid, meithleacha bailiúchán bruscair, málaí agus miotóigí a chur ar fáil dóibh.

Bíonn eolas maidir leis na cláir sin ar fáil ó Rannóg na Timpeallachta, Comhairle Contae Chill Chainnigh; déan teagmháil linn ag 056-7794470 nó ag environment@kilkennycoco.ie
An Dlí agus an Timpeallacht
Tá dlíthe i bhfad níos déine ann anois i leith bruscair ó tugadh isteach na hAchtanna um Bainistiu Dramhaíola 1997-2003. Is treoir an bileog seo do na dlíthe sin.
An Dlí agus an Timpeallacht (Formáid PDF 63.2 KB)
Cuir nasc chuig an bPlean Bainistíochta Bruscair

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do