Fuinneamh Inbhuanaithe

AN TIMPEALLACHT LEATHANACH FUINNIMH INBHUANAITHE

Prótacal Kyoto

Is doiciméad é an Prótacal Kyoto a bhí sínithe ag 180 tír ag Kyoto sa tSeapáin i mí na Nollag 1997. Is ionann cuspóirí, prionsabal agus institiúidí do Phrótacal Kyoto na bliana 1997 agus do chreat Chomhdháil na Náisiún Aontuithe ach go neartaíonn sé an Chomhdháil go suntasach trí gheallúintí i leith spriocanna aonair a bhfuil ceangal dlí ag dul leo a fháil ó Pháirtithe Anneics 1 a gcuid astuithe ceaptha gáis a theorannú nó a laghdú.

Is ionann cuspóirí, prionsabal agus institiúidí do Phrótacal Kyoto na bliana 1997 agus do chreat Chomhdháil na Náisiún Aontuithe ach go neartaíonn sé an Chomhdháil go suntasach trí gheallúintí i leith spriocanna aonair a bhfuil ceangal dlí ag dul leo a fháil ó Pháirtithe Anneics 1 a gcuid astuithe ceaptha gáis a theorannú nó a laghdú. Is iad siúd a dhaingnigh, a ghlac leis, a mhol, nó a d'aontaigh leis an bPrótacol agus iadsan amháin a bheidh faoi cheangal ag geallúintí na bPrótacol nuair a thagann sé i bhfeidhm.
Cuireann an Prótacal ceangal ar 38 gcinn de thíortha tionsclaíocha an domhain a gcuid astuithe gás greenhouse a ghearradh siar idir 2008 agus 2012 go dtí leibhéil atá 5.2 faoin gcéad faoi bhun leibhéal na bliana 1990.
Go leor de na comhdhúile ceimiceacha atá in atmaisféir an Domhain gníomhaíonn siad mar gháis cheaptha teasa.
Tugann na gáis sin saorchead isteach san atmaisféir do sholas na gréine. Nuair a bhuaileann solas na gréine le dromchla an domhain frithchaitear cuid de ar ais sa spás mar radaíocht fodhearg (teas). Súnn na gáis cheaptha teasa an radaíocht fodhearg sin agus ní ligtear don teas éalú ón atmaisféir. In imeacht ama ba chóir go gcuirfeadh an ghrian an oiread fuinnimh go dtí dromchla an Domhain agus a radaítear ar ais sa spás rud a fhágfadh teas dhromchla an Domhain mórán mar an gcéanna i gcónaí. Taispeánann go leor gás airíonna seo na ngás ceaptha teasa. Cuid acu tá siad ar fáil sa nádúr (gal uisce, dé-ocsaíd carbóin, meiteán agus ocsaíd níotrúil), agus cuid eile is de dhéantús an duine amach is amach iad ( a leithéid na gáis sna haerasóil)
Clúdaíonn na spriocanna astuithe na sé phríomhghás ceaptha teasa mar atá:
dé-oscaíd carbóin (CO2);
Meiteán (CH4); (Líonta Talún) briseadh síos de shubstaintí nádúrtha cosúil le féar, glasraí agus cairtchlár.
Ocsaíd Níotrúil (N20); - Talmhaíocht - leasacháin
Hidreafluaracarbóin (HFCanna); Cuisneoirí agus Reoiteoirí
Pearfluaracarbóin (PFCanna); i múchtóir tine agus le haghaidh roinnt feidhmeanna cosmáide agus leighis. Níl aon foinsí nádúrtha ag PFCanna.
Heicseafluairíd de Sulfair (SF6) I liathróidí leadóige, i mboinn feithiclí ardfheidhmíochta, i mboinn bhoga roinnt bróga spóirt.
Sprioc na hÉireann +13% re 1990 faoi cheann 2012

Tionscnaimh Chomhairle Contae Chill Chainnigh
Bithbhreosla
Gníomhaireacht Fuinnimh Cheatharlach - Chill Chainnigh
Bainistiú Gáis Ionad Líonta Talún an Dúin Mhóir
Sa Chlár Enthuse - Fuinneamh Tí (Rannóga Tithíochta, Timpeallachta, clár oibre áitiúla 21, pobal agus fiontar, cúrsaí corparáideacha)
Tionscnaimh Náisiúnta
Rialacháin Tógála, Fuinneamh malartach feirmeacha gaoithe , Deontais Iompair Phoiblí (Baile Átha Cliath amháin), Deontas Reps le haghaidh foraoiseacha

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do