Tionscadail Bhóithre

Tionscadail Bhóithre (Oifig Bhóithre, 1 Sráid Dean, Cill Chainnigh)

Scéim M8/N8 an Chúlchoill go dtí Bóthar Chaisil.

Scéim N9-N10 Baile an Phaoraigh go dtí Bóthar Phort Láirge

N24 Seachbhóthar Mhóin Choinn

Tá Tionscadail Bhóithre freagrach as tionscadail bhóithre náisiúnta mhóra a bhfuiltear á dtabhairt fúthu i gComhairle Contae Chill Chainnigh mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. Is ansin atá eolas ar fáil ar na tionscadail éagsúla agus is ansin is féidir breathnú ar eolas uasdátaithe a bhaineann leis na tionscadail, ar thuairiscí, ar eolas maidir le roghnú bealaigh agus ar ráitis tionchar timpeallachta.

MAOINITHE AG RIALTAS NA HÉIREANN FAOIN BPLEAN FORBARTHA NÁISIÚNTA, 2000-2006
AGUS PÁIRTMHAOINITHE AG AN AONTAS EORPAIGH faoi TEN-T The Trans-European Transport Networks

Cheadaigh an Bord Pleanála na hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh agus an Ráitis Tionchar Timpeallachta le haghaidh an M8/N8 ó Chúlchoill go dtí Bóthar Chaisil (cuid den Bhóthar ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh) i mí na Nollag 2004. Seirbheáladh Fógra ar gach ceann de na húinéirí talún agus maoine sealbhais lena mbaineann chun dul i mbun Réitigh.

Tá tús curtha leis an bpróiseas tairisceana chun an príomhchonraitheoir a cheapadh i ndáil le hobair thógála ar an scéim. Fuarthas fógra spéise ó seacht gcinn de chonraitheoirí. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na haighneachtaí laghdófar an gearrliosta go dtí cúig agus déanfar é sin go gairid. Tá súil leis go gceapfar conraitheoir i mí Mheán Fómhair 2006 agus go gcuirfear tús leis an obair ar an suíomh i mí na Feabhra 2007. Tá súil leis go mbeidh an bóthar oscailte ag deireadh na bliana 2009.

Faoi láthair táthar ag gearradh trinsí seandálaíochta chun suíomh/suímh shuntasacha seandálaíochta a aithint a gcaithfí réiteach ó thaobh na seandálaíochta a dhéanamh maidir leo sular féidir tús a chur leis an obair thógála.

Stair an Tionscadail

Tuairisc Uasdátaithe Deireadh Fómhair 2005:

N9-N10 ó Bhaile an Phaoraigh go dtí Bóthar Phort Láirge
Reachtáil an Bord Pleanála éisteacht ó bhéil maidir le hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh agus Ráiteas Tionchar Timpeallachta le haghaidh an N9-N10 ó Bhaile an Phaoraigh go dtí Bóthar Phort Láirge (cuid den bhóthar ó Chill Chuillinn go dtí Port Láirge) i mí an Mheithimh 2005. Tá an cinneadh maidir les sin geallta bheith eisithe tar éis tamall gearr. Go dtí go dtarlóidh sin beifear ag leanúint leis an obair dearaidh ar an tionscadail lena n-áirítear ullmhúchán doiciméid chonartha. Tá conraitheoirí Iniúchta Talaimh ag obair faoi láthair ar an gcuid sin den suíomh ar an taobh ó dheas de Chnoc an Tóchair agus beidh siad ag leanúint leo go dtí an chuid eile den scéim sa chéad leath den bhliain 2006. Tá trinseáil seandálaíochta sceidealta tosú i mí Eanáir 2006.
Tá sonraí maidir leis an tionscadal sin le fáil ar shuíomh idirlín an tionscadail:
Preaseisiúint:

Tuairisc Uasdátaithe Deireadh Fómhair 2005

N24 Seachbhóthar Mhóin Choinn: Ceapadh Malone ORegan Scott Wilson le gairid chun leanúint leis an dearadh ar an réimse bóthair 11km. ar fhad den N24 ón nGreanach go dtí Seachbhóthar Bhaile an Phoill-An Feadán. Seachbhóthar Mhóin Choinn a thugtar ar an scéim sin. Is chun an scéim a thabhairt go dtí céim an Cheannaigh Éigeantaigh agus chun ceangail reachtúla eile a chomhlíonadh a fostaíodh na comhairleoirí. Cuimseoidh an Scéim Réamhdhearadh den bhealach, Réamhiniúchadh ar an Talamh agus Staidéir Timpeallachta.

Réamhrá
Is cuid de Dhorcla Bhóthar an Iarthar an N4 ar dorchla straitéiseach é a dhéanann nasc idir cathair Phort Láirge agus cathair Luimneach. Is cuid den líonra idiruirbeach Náisiúnta an Dorchla sin atá ainmnithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 mar bhóthar ar gá feabhas a chur air.

Is í Comhairle Contae Chill Chainnigh le cúnamh ó Oifig Dhearaidh Réigiúnaigh Theach Thrá Mhóir atá ag cur an fhorbairt ar sheachbhóthar Mhóin Choinn chun cinn agus is iad Malone O'Regan Scott Wilson Innealtóirí Comhairliúcháin atá i mbun a dearaidh.

An gá atá leis an scéim

Is le gairid a osclaíodh Seachbhóthar Bhaile an Phoill-An Feadán do thrácht agus tá seachbhóthar Phort Láirge geallta bheith críochnaithe faoi cheann 2006. Cuirfidh Seachbhóthar Mhóin Choinn críoch le huasghrádú ar an N24 i gContae Chill Chainnigh.

Tuarascálacha atá ar fáil

Cliceáil anseo le haghaidh eolais - Stair Tionscadail

 

Kilkenny Promotion Logo
Kilkenny slogan: Come See Come Do